Lá Fhéile Bríde 2026, Seandún - MYO Café

Lá Fhéile Bríde - Cé Pope, Seandún

Lá Fhéile Bríde i gCaifé MYO

Beidh sé ar siúl i gCaife Myo ar Ché Pope i gCorcaigh 1 Feabhra 2026

Seanfhéile Imbolc is ea Lá Fhéile Bride, ceiliúradh ar fhilleadh an tsolais i ndiaiidh an geimhridh. Nascann an ocáid daoine le chéile chun saíocht na nGael a cheiliúradh in aon fhéile mhór spleodrach.

CINEÁLTAS, CADIREAMH IS COMHLUADAR

Is é téama na bliana seo ná Cineáltas, caidreamh is comhluadar.

Beidh ceol, craic agus scéalta ann i rith an lae. Ní foláir nó beidh  fáilte roimh gach éinne idir óg agus aosta.

Beidh micreafón oscailte ann ón meánlae ar aghaidh, le hamhráin, filíocht agus aithris scéal. Lena chois sin beidh gníomhaíochtaí spraoiúla go leor ann  do pháistí agus aosaigh.

Ta an ócáid seo saor in aisce.  Tá sí a reachtáil  le éagsúlacht is cultúir na nGael i Seandún a cheiliúradh is a neartú.

Previous
Previous

Deilfeanna i gCathair Chorcaí!

Next
Next

Páirc an Easpaig Lucey